Níos Mó Comhrá, Níos Lú Le Rá

Tá cupla deartháir, cupla driofúr agam, 'chuile dhuine acu ina chónaí níos mó ná 1,000 míle uainn, an chuid is mó acu san Oirthear Mheiriceá. Le blianta, ní bhíodh muid i dteagmháil lena chéile chomh minic sin. Ó, tá an grá eadrainn sách láidir, cinnte, ach ní hé an nós atá againn a bheith cuairteanna agus glaoanna a thabhairt ar a chéile go rialta.

Mar shampla, tá mo dheartháir is sine ina chónaí i Washington, DC. Le blianta, ní fhaca mé é ach 'chuile darna bliain, nuair a bhaileann mo mhuintir sa samhradh le hathaontú a dhéanamh. Faighim cárta Nollag uaidh, agus b'fhéidir glaoch fóin uair nó dhó sa mbliain. Glaoch gearr, cupla nó trí nóiméad, sin é. Is duine aonarán é, beagnach.

Ansin, tháinig an phaindéim. Anois, faighim glaoch uaidh 'chuile sheachtain! Agus labhraíonn muid b'fhéidir deich nóiméad. Rud nach gcreidfainn bliain ó shin.

Ar an mbealach céanna, faighim glaoch ó mo dhriofúr is óige 'chuile choicís nó mar sin. Roimh seo, bhíodh muid i dteagmháil lena chéile trí r-phostanna uair nó dhó sa mí. Anois, labhraíonn muid ar an bhfón i bhfad níos minicí ná a labhraíodh le blianta.

Ach tá fadhb ann. Cén chaoi a thosaíonn an comhrá? "Cén scéal? Cén rud nua atá i do shaol?"

Freagra: diabhal scéal, tada nua.

Le dianghlasáil curtha i bhfeidhm beagnach 'chuile áit, tá muid uilig sáite sa mbaile. Níl muid ag an oifig, ní théann muid amach as an teach go minic. Ní fhreastalaíonn muid ar chluifí no ar dhrámaí, ní fheiceann muid scannáin nó ceolchoirmeacha.

Bíonn 'chuile lá mar a chéile le 'chuile lá eile. Bíonn inniu, inné, amárach an-chosúil lena chéile, is deacair aithint eatarthu. Is minic a chloisim an cheist, "Cén lá ... ?"

Tá an fhadhb chéanna againn ag ár gciorcal comhrá. Bailaíonn ár ngrúpa Gaeilgeoirí in éíndí lena chéile 'chuile choicís. Tosaíonn muid le scealta nua, ach ar an bpointe seo den phaindéim, is deacair rud ar bith nua a chuimhneamh le roinnt lenár gcairde. Bhí an tseachtain seo caite go díreach mar an tseachtain roimpi, agus í ionnan is an tseachtain roimpi sin.

Bainim an-sult as an méadú teagmhála idir mise agus mo mhuintir agus cairde. Ó, dhá mbeinn in ann cur síos ar rud éicint nua ...

Comments