Posts

Showing posts from 2014

Cá Bhfuil na Lucharacháin Nuair atá Siad ag Teastáil Uait?

Nuair a bhí mise óg, chuala mé scéal faoi lucharacháin an ghréasaithe. Ba dheas an gréasaí, deirtear, agus ag obair go dian i gcónaí. Dáiríre, thraoch sé é féin ag obair, agus lá amhaín, tháinig an oíche, agus peire bróga le déanamh fós, ach gan smidirín fuinnimh fágtha aige. Chuaigh sé a codladh gan iad a dhéanamh. Ach bhí lucharacháin ina gcónaí i siopa an ghréasaithe, agus bhíodh an gréasaí carthanach 's cineálta leo. Mar sin, chuidigh na lucharacháin leis, rinne siad na bróga, agus an gréasaí ina chodladh. Anois, níl mórán ama nó fuinnimh agam le gairid a bheith ag scríobh postanna ar an mblag seo, gabh mo leithscéal. Tá mo chloigeann folamh le seachtainí anuas. Ach ní rinne mé drochrud ar aon lucharachán ariamh, creidim, agus bhí súil agam go ndéanfadh siad sásta cupla post a scríobh, agus mise i mo chodladh. Á, bhuel, b'fhéidir go gcaithfidh mé cupla sásar bainne te a chuir i ndiaidh an dórais. Go dtí sin, caithfidh mé na postanna a scríobh i m'aonar glan.

Pobalbhreith na Speigeanna Neanta: Gnáthgheimreadh Romhainn

Image
Tá an fómhar tagtha faoi dheireadh go Minnesota, an séasúr is áille anseo, gan dabht. Agus leis an bhfómhar, tagann cupla feithid spéisiúil, mar na "box elder bugs", ina gcruinnithe ar an gcosán, sna fuinneoga, srl. Anois, feicim na speigeanna neanta ag siúl ar na cosáin freisin. Dar leis an bpiseog nó leis an mbéaloideas, ar an laghad, tugann an speig neanta réamhaisnéis gheimridh dúinn. Ar ndóigh, tá dhá dhath ar an speig neanta, stríoc donn idir dhá stríoc dubha. Nuair a bhíonns na stríocaí dubha níos mó, beidh an geimhreadh fuar agus crua. Nuair a bhíonns an stríoc dhonn níos mó, is bog an geimhreadh a bhíonns romhainn. Chonaic mé sé - ocht speig neanta, b'fhéidir, i mbliana, go dtí seo. Tá an chuid is mó acu in aontú lena chéile: beidh gnáthgheimreadh againn. Feicfidh muid ...

Seiceanna, Scríofa Ar Chuntas Cuimhne

Ag glanadh seilfeanna sa mbasement lá cheana, fuair muid bosca lán le seiceanna. B'fhéidir nach dtuigfidh na daoine óga an scéal seo, ach roinnt bliana ó shin, sheoladh na bainceanna na seiceanna a bhíodh íoctha amach ar ais dhuit, sa bpost. Mar sin, bhí bosca againn, agus go leor leor sean-seiceanna ó 1988, 1990, blianta ó shin. Thosaigh mé na seiceanna a stialladh, ach, ar ndóigh, ní féidir liom iad a chur isteach sa meaisín gan feiceáil céard atá scriofa orthu, an duine nó comhlacht nó eagraíocht ar íoc muid as rud éicint. Agus thosaigh sé turas trí mo chuimhne féin. Mar shampla, bhí seiceanna go leor do "Arnold's Diner", bialann nach maireann. Ba an-mhaith lenár mbeirt iníonacha Arnold's, mar gheall ar gur rua é an bainisteoir, ruanna na cailíní chomh maith, agus an rud a deir an bainisteoir 'chuile uair a chonaic sé na cailíní, "Us red heads gotta stick together!" Bhí seiceanna do na scoileanna rince, ballé ar dtús, rince Gaelach ina dhiaidh sin

An Fáth Go nAontaím Leis an bhFéilire Ceilteach

Tús Mhí Lúnasa, agus airím na laethanta ag dul i ngiorracht. Níl a fhios agam an é an oiread ama go mbíonn solas againn, nó an uilinn gréine i rith an lae, ach airím an t-athrú, ó lá go lá, gan dabht ar bith. Athrú eile i mo shaol: airím an t-athrú solais níos láidre anois agus, go háirithe, níos luaithe 'chuile bhliain. Tá mé i bhfad níos mothálaí faoin athrú seo, agus mise níos mó na séasca bliana d'aois, ná a bhí mé i m'óige. Ar ndóigh, tagann mothúchán cineál dubhach orm leis an ngiorrú lae. Ach ar an taobh eile, airím an t-earrach go luath i Mí Feabhra, leis an bhfuacht agus an sneachta ar an talamh, ach leis na laethanta ag fadú chomh maith. Is malairt réasúnta é, creidim.

An Cheist Churtha Orm ... Dáiríre?

Lá breá amháin le gairid, bhí mé ag déanamh siúlóide timpeall locha i Minnesota. Tá cosán deas asfailt in aice leis an loch, agus tháinig mé ar speig neanta ag dul treasna an chosáin, an chéad cheann a chonaic mé i mbliana. (Deirtear go dtugann na dathanna ar an speig neanta réamhfaisnéis aimsire roimh an ngeimhreadh.) Bhí mé ag iarraidh grianghraf a fháil le m'fhón. Mar sin, ar leataobh an chosáin, bhí mé craptha ar mo ghogaide, mo cheann cromtha, íseal, os cionn na speige neanta, nuair a chuir fear a bhí ag siúl tharam ceist orm. Cén cheist? Arbh í an cheist: " Céard atá tú ag breathnú air? " Níorbh í. Arbh í an cheist: " An féidir liom cuidiú a thabhairt dhuit? " Níorbh í. An cheist a chuir sé orm: " An bhfuil taom croí ort? " B'in í. Muise. Tuigim nach bhfuil mé óg, ach taom croí ? Dáiríre? Sheeesh!

Is Breá Liom an Nádúr ... ina Áit Féin

Bhí cruinniú an-fhada agam ar maidin (agus meánlae) lá amháin le gairid. Ina dhiaidh, stop mé ag páirc, ag Bush Lake, i mBloomington, Minnesota. Blianta ó shin, bhínn ag obair gar don pháírc seo, ach ní raibh mé ann le blianta, blianta. Mar sin, rinne mé siúlóid ar an gcosán deas, timpeall an locha, agus crainn ag gach taobh de. Stop mé cupla uair le breathnú ar bhláthanna nó ar fhéileacáin nó ar rudaí deasa eile. Leathuair níos déanaí, bhí mé i siopa grósaera. Stop duine den fhoireann an tsiopa, sín sí méara i mo threo, agus dúirt sí liom -- go calm, socair, caithfidh mé a rá -- "Tá damhán alla ar do léine." Bhreanaigh mé síos, agus ag imeall mo radhairc, d'airigh mé gluaiseacht, ag smaoineamh gur damhán beag a bhí ar mo ghualainn. Scuab mé mo lámh thar an léine agus thit an damhán alla ar an urlár. Bhuel, ní raibh damhánaín beag bídeach orm ach créatúr cupla orlach (5 cm) ar fad! Agus bhí sé ag marcaíocht ormsa le leathuair, ar a laghad, agus mise ag tiomáint go dtí an

Aonach Éireannach, Aonach Gael-Meiriceánach, Gan Bheith i mo Shaothín

Bhí feis mhór i St. Paul an tseachtain seo caite, an "tAonach Éireannach” bliaintiúil ar Harriet Island (féach ar http://www.irishfair.com ). Chaith mé an deireadh seachtaine ag cuidiú leis an bpuball Ghaeltacht Minnesota. Go hoifigiúil, is aonach cultúrach é. Ach cén cineál cultúir? Cultúr na hÉireann? B’fhéidir. Ach ag labhairt le mo chuid comhleacaithe, d'aontaigh muid go raibh an cultúr Gael-Meiriceánach i gceist. Bíonn daoine ann an bhfuil spéis acu ar an litríocht nó ar an teanga, cinnte. Bíonn i bhfad níos mó daoine an bhfuil spéis acu ar an spórt, nó ag sórt ar bith ceoil, má bhíonn sé sách ard. Caitheann daoine go leor éadaí uafásacha, glé-uaine, nó léinte le fógraí mímhúinte orthu, agus a ndóthain óil acu, ag labhairt ró-ard. Bheadh sé éasca a bheith ina shaothín, ag baint bród as an obair leis an teanga, i gcompáraid leis an gcuid is mó den slua. Ach ní bheadh sé sin ceart. D’fhoghlaim mé ó Denis Clarke, bunaitheoir Ghaeltacht Minnesota, blianta ó shin, nach mbíonn

Is Fearr an Ciúnas Ná an Tost

Oibrím in oifig atá i mo theach féin, féinfhostaithe mise, agus is breá liom é. Níl aon troid agam leis an trácht ar maidin. Le dul ag an oifig, siúlaim ó chistin, i ndiaidh mo bhricfeasta, suas an staighre agus isteach san oifig. Sa samhradh, nuair nach mbíonn sé róthe nó rófhliuch, bíonn na fuinneoga oscailte. Anois díreach, ar an drochuair, tá mé ag éisteacht le sábh slabhrach, agus mo comharsa ag leagan crainn síos. Ní maith liom an fhuaim sin, ar ndóigh, agus anois 's aríst, bím ag tnúth leis an tost. Ach i ndáiríre, is maith liom an ciúnas, is fearr liom é ná an tost. Is maith liom na fuaimeanna éadroma na comharsanachta -- daoine ag labhairt agus iad ag siúl ar an gcosán roimh ár dteach, daoine ag obair sna gáirdíní nó ag déanamh siúinéireachta, caoi a chur ar an díon, rudaí mar sin ... na héin ... an ghaoth ... Is binn béal ina thost, ach is níos binne an chomharsanacht ina ciúnas.