Posts

Showing posts from October, 2014

Cá Bhfuil na Lucharacháin Nuair atá Siad ag Teastáil Uait?

Nuair a bhí mise óg, chuala mé scéal faoi lucharacháin an ghréasaithe. Ba dheas an gréasaí, deirtear, agus ag obair go dian i gcónaí. Dáiríre, thraoch sé é féin ag obair, agus lá amhaín, tháinig an oíche, agus peire bróga le déanamh fós, ach gan smidirín fuinnimh fágtha aige. Chuaigh sé a codladh gan iad a dhéanamh. Ach bhí lucharacháin ina gcónaí i siopa an ghréasaithe, agus bhíodh an gréasaí carthanach 's cineálta leo. Mar sin, chuidigh na lucharacháin leis, rinne siad na bróga, agus an gréasaí ina chodladh. Anois, níl mórán ama nó fuinnimh agam le gairid a bheith ag scríobh postanna ar an mblag seo, gabh mo leithscéal. Tá mo chloigeann folamh le seachtainí anuas. Ach ní rinne mé drochrud ar aon lucharachán ariamh, creidim, agus bhí súil agam go ndéanfadh siad sásta cupla post a scríobh, agus mise i mo chodladh. Á, bhuel, b'fhéidir go gcaithfidh mé cupla sásar bainne te a chuir i ndiaidh an dórais. Go dtí sin, caithfidh mé na postanna a scríobh i m'aonar glan.