Pobalbhreith na Speigeanna Neanta: Gnáthgheimreadh Romhainn

Tá an fómhar tagtha faoi dheireadh go Minnesota, an séasúr is áille anseo, gan dabht.

Agus leis an bhfómhar, tagann cupla feithid spéisiúil, mar na "box elder bugs", ina gcruinnithe ar an gcosán, sna fuinneoga, srl.

woolly bearAnois, feicim na speigeanna neanta ag siúl ar na cosáin freisin. Dar leis an bpiseog nó leis an mbéaloideas, ar an laghad, tugann an speig neanta réamhaisnéis gheimridh dúinn.

Ar ndóigh, tá dhá dhath ar an speig neanta, stríoc donn idir dhá stríoc dubha. Nuair a bhíonns na stríocaí dubha níos mó, beidh an geimhreadh fuar agus crua. Nuair a bhíonns an stríoc dhonn níos mó, is bog an geimhreadh a bhíonns romhainn.

Chonaic mé sé - ocht speig neanta, b'fhéidir, i mbliana, go dtí seo. Tá an chuid is mó acu in aontú lena chéile: beidh gnáthgheimreadh againn.

Feicfidh muid ...

Comments