Is Beag Nár Thit Mé Isteach Sa gClóiséad Cótaí I nDiaidh Ciorcail Comhrá

Cruiníonn ciorcal comhrá tigh carad liom 'chuile choicís. An lá faoi dheireadh, agus mise ag goil isteach san arasán, bhain mé mo chuid bróga dhíom. (Is minic a dhéantar é sin anseo, go háirithe sa ngeimhreadh.)

De bhrí sin, ar ndóigh , agus mise ag imeacht, caithfear na bróga a chur orm aríst, rud sách simplí de réir cosulachta. Ach d'éirigh an gníomh simplí sin deacair go sciobtha.

Agus ag cur na bróga orm dhom, sheas mé ar chos amháin le bróg a chur ar an gcos eile. Déanaim é sin go minic, gan mórán fadhbanna, d'ainneoin ghalar Pharkinson atá orm. (Tharlaíonn fadhbanna cothroim go minic leis an ngalar sin.) Ach an oíche sin, baineadh de mo chothrom, agus níorbh é sin ach tús mo thrioblóide.

Nuair a thuig mé go raibh ag titim, shín mé m'uillinn amach le tacaíocht a fháil on mballa. Ar an drochuair, níor bhuail m'uillinn ar an mballa. Buail sí ar dhoras an chlóséid cótaí...an doras fillteach a bhí ar an gclóiséad.

Agus d'fhill sé.

Níor thit mé go hiomlán isteach sa gclóiséad, buíochas le Dia. Ar feadh nóiméid, shíl mé go mbeinn i mo shuí ar urlár an chlóiséid i measc na cótaí.

Mar sin féin, thóg mé callán mór and chas 'chuile dhuine eile sa ngrúpa i mo threo. Bhí mé ann, ar ghluin amháin, ag mothú sách amaideach.

Bhí comhrá deas againn an tráthnóna sin. Ach chuir mé deireadh leis an gcomhrá le seó craiceáilte, cineál mar fear grinn i sorcas!

Comments