Gach Ceithre Bliana, Plá Lócaistí
Nuair a sílim ar lócaistí, smaoiním ar na scéalta a chuala mé fúthu nuair a bhí mé i mo bhuachaill. Is cuimhin liom, go háirithe, na seanscannáin ghreannmhara a chum cineál miotaseolaíochta ar na lócaistí. Mar shampla, i scannán amháin, tháinig plá ollmhór lócaistí ar fheirm agus d'ith siad 'chuile rud, beagnach -- na héadaí ar na príomhcharachtair ina measc, agus na feirmeoirí fágtha gan tada orthu ach na fo-éadaí! (Níos sine anois, ní thuigim cén fáth ar ith na lócaistí na héadaí amháin, gan greim ar bith a bhaint as na fo-éadaí, ach ag an am sin, níor rith an cheist liom.) Ar ndóigh, ní bhíonn na lócaistí chomh dona sin 'chuile bhliain. Ach anois 's aríst, bailíonn na lócaistí ina scaotha, na milliúin de na feithidí a fholaíonns an ghrian agus a fháganns talamh lom in áit na mbarr. Ní feirmeoir mise, ach tuigim an faitíos atá spreagtha ag na scaotha lócaistí, tuigim an léirscrios a fháganns siad ina ndiaidh. Go deimhin, anois díreach anseo sa SAM, tá muid i ngreim ag