Anois Díreach, Am Foirfe A Bheith Ag Foghlaim Gaeilge (Nó Fraincis, Nó ...)

Strus ort? Imní ort faoin gcoróinvíreas? Ag plé le fadhbanna oibre? Ag smaoineamh i gcónaí faoi do chlann, faoi airgead, faoi do shláinte?

An mbíonn d'intinn ag rith ó fhadhb go fadhb, agus tusa trína chéile faoi dheireadh, d'inchinn ar tí pléascadh?

Mar fhreagra ar na dúshláin seo, tá daoine go leor ag goil i muinín an aireachais, an domhainaireachais ("mindfulness"), ag foghlaim faoi macnamh, agus ag dlúthbhreathnú ar an anáil. In áit smaointe atá scoilte, ag léim ó rud amháin go rud eile, agus rud eile ina dhiaidh sin, tugtar an aird ar ábhar amháin le tamall. An staid atá á lorg ná a bheith i láthair go hiomlán ("fully present").

Tá an t-aireachas úsáideach go minic, gan dabht ar bith. Ach níl sé éasca a fhoghlaim, ní réiteach tapa é. Is féidir cleachtadh a dhéanamh le tamall an-fhada sula bhforbróidh daoine na scileanna a thabharfas faoiseamh dhóibh.

Ach tá bealach níos giorra go dtí an t-aireachas: teanga nua a fhoghlaim, mar an Ghaeilge, mar shampla!

Nuair atá tú ag déanamh comhrá i do theanga nua, an bhfuil d'intinn ag scinneadh ó rud go rud? Nó an bhfuil do chloigeann líonta go léir leis an teanga, leis an iarracht atá tú a dhéanamh na focail a thuiscint, na habairtí a chumadh? Nuair a bhím féin ag labhairt Gaeilge, níl spás ar bith i m'intinn le liostaí cúraimí, le himní faoin todhchaí, le tada seachas an teanga, na rudaí a deirim, na rudaí a deireann na daoine eile.

Is é sin le rá, tugann comhrá as Gaeilge (nó in aon teanga eile atá tú ag foghlaim) an oiread airde nach bhfágann aon spás meabhrach do smaointe eile. Is sórt aireachais de thimpiste, más maith leat.

Ar ndóigh, bíonn an tionchar sin is láidre le comhrá, ach is féidir an t-aireachas, an sárfhócas a fháil nuair a bhíonns tú ag léamh, ag éisteacht le RnaG nó le taifeadtaí, 7rl. Bain úsáid as acmhainn réasúnta dúshlánach gan a bheith chomh deacair go dtagann an éadóchas ort!

Is foinse faoisimh í an fhoghlaim Gaeilge, mar sin, a chuireanns mothúcháin dhearfacha in ionad imní agus faitís. Is fearr a bheith ag goil i ngleic le deachrachtaí Gaeilge ná a bheith ag goil i ngleic le deachrachtaí an tsaoil, le tamall beag ar an laghad.

Bain triail as an aireachas le linn na géarchéime. Is iontach ar fad an machnamh, chomh maith leis an yóga agus a leithéid.

Ach is iontach freisin an fhoghlaim Gaeilge mar bhealach le faoiseamh a fháil agus le cumas airde a fhorbairt.

Comments