Posts

Gach Ceithre Bliana, Plá Lócaistí

Nuair a sílim ar lócaistí, smaoiním ar na scéalta a chuala mé fúthu nuair a bhí mé i mo bhuachaill. Is cuimhin liom, go háirithe, na seanscannáin ghreannmhara a chum cineál miotaseolaíochta ar na lócaistí. Mar shampla, i scannán amháin, tháinig plá ollmhór lócaistí ar fheirm agus d'ith siad 'chuile rud, beagnach -- na héadaí ar na príomhcharachtair ina measc, agus na feirmeoirí fágtha gan tada orthu ach na fo-éadaí! (Níos sine anois, ní thuigim cén fáth ar ith na lócaistí na héadaí amháin, gan greim ar bith a bhaint as na fo-éadaí, ach ag an am sin, níor rith an cheist liom.) Ar ndóigh, ní bhíonn na lócaistí chomh dona sin 'chuile bhliain. Ach anois 's aríst, bailíonn na lócaistí ina scaotha, na milliúin de na feithidí a fholaíonns an ghrian agus a fháganns talamh lom in áit na mbarr. Ní feirmeoir mise, ach tuigim an faitíos atá spreagtha ag na scaotha lócaistí, tuigim an léirscrios a fháganns siad ina ndiaidh. Go deimhin, anois díreach anseo sa SAM, tá muid i ngreim ag

Namhaid #1

Image
Tá muid i mbun cogaidh. Is dochloíte an namhaid atá againn. Níl tuirse air ariamh. Má chuireann muid stop le hionsaí amháin, seolann sé ionsaí eile, agus ceann eile ina dhiaidh, aríst agus aríst eile. Ní féidir linn ár n-aire a mhaolú ar feadh nóiméid, fiú. Is cuma cé chomh minic a stoptar é, tagann sé ar ais le fuinneamh agus le diongbháilteacht. Is namhaid glic, seiftiúil é. Nuair atá constaic curtha ina bhealach, tagann sé ar bhealach eile an damáiste a dhéanamh. An doras dúnta, osclaíonn sé fuinneog. Tá an namhaid seo ag lorg de shíor aon laige, aon locht atá inár gcóras cosanta. Baineann sé lánúsáid as gach deis a ligeann muid roimhe, dá laghad atá sí. Is é Namhaid # 1 é tigh Kenny, go háirithe do mo bhean, agus í ina laoch a bhíonns ag troid ina aghaidh 'chuile lá le bia a chur ar fáil dá cairde cleiteacha. Iora damanta!

Ag Imirt "Cops 'n' Robbers" Aríst

Image
Nuair a bhí mé i mo bhuachaill, i mbaile beag i bPennsylvania, bhí gunnaí ag 'chuile leaid i mo chomharsanacht. Gunnaí bréaga i gceist, ár ndóigh. (Caithfidh mé a rá, afach, faoin am a bhí muid inár ndéagóirí, bhí raidhfil nó gránghunna ag an gcuid is mó againn. Théadh go leor leor daoine ag seilg sa gceantar seo 'ainne.) Bhaineadh muid úsáid as na gunnaí bréaga i gcluifí ina ligeadh muid orainn go mbíodh muid ag troid, 'sea, ag marú a chéile! Agus ba é an cluife is coitianta inár measc ná "Cops 'n' Robbers". Ghlacadh beirt nó triúr páirt na gardaí, agus na leaids eile páirt na robálaithe. Ag deireadh 'chuile chluife, bhíodh cathach gunna mór idir an dá fhoireann. Tharlaíodh na troideanna taobh amuigh, go hiondúil. Agus na leaids ag caitheamh piléir lenár dtreo go trom -- níl a fhios 'am cén fáth, ach ní athlódáladh muid ariamh, agus ní bhíodh easpa piléir againn ina ainneoin sin -- théadh muid ar foscadh, ag rith ó chrann go cúinne tí, nó faoi

Anois Díreach, Am Foirfe A Bheith Ag Foghlaim Gaeilge (Nó Fraincis, Nó ...)

Strus ort? Imní ort faoin gcoróinvíreas? Ag plé le fadhbanna oibre? Ag smaoineamh i gcónaí faoi do chlann, faoi airgead, faoi do shláinte? An mbíonn d'intinn ag rith ó fhadhb go fadhb, agus tusa trína chéile faoi dheireadh, d'inchinn ar tí pléascadh? Mar fhreagra ar na dúshláin seo, tá daoine go leor ag goil i muinín an aireachais, an domhainaireachais ("mindfulness"), ag foghlaim faoi macnamh, agus ag dlúthbhreathnú ar an anáil. In áit smaointe atá scoilte, ag léim ó rud amháin go rud eile, agus rud eile ina dhiaidh sin, tugtar an aird ar ábhar amháin le tamall. An staid atá á lorg ná a bheith i láthair go hiomlán ("fully present"). Tá an t-aireachas úsáideach go minic, gan dabht ar bith. Ach níl sé éasca a fhoghlaim, ní réiteach tapa é. Is féidir cleachtadh a dhéanamh le tamall an-fhada sula bhforbróidh daoine na scileanna a thabharfas faoiseamh dhóibh. Ach tá bealach níos giorra go dtí an t-aireachas: teanga nua a fhoghlaim, mar an Ghaeilge, mar s

Níos Mó Comhrá, Níos Lú Le Rá

Tá cupla deartháir, cupla driofúr agam, 'chuile dhuine acu ina chónaí níos mó ná 1,000 míle uainn, an chuid is mó acu san Oirthear Mheiriceá. Le blianta, ní bhíodh muid i dteagmháil lena chéile chomh minic sin. Ó, tá an grá eadrainn sách láidir, cinnte, ach ní hé an nós atá againn a bheith cuairteanna agus glaoanna a thabhairt ar a chéile go rialta. Mar shampla, tá mo dheartháir is sine ina chónaí i Washington, DC. Le blianta, ní fhaca mé é ach 'chuile darna bliain, nuair a bhaileann mo mhuintir sa samhradh le hathaontú a dhéanamh. Faighim cárta Nollag uaidh, agus b'fhéidir glaoch fóin uair nó dhó sa mbliain. Glaoch gearr, cupla nó trí nóiméad, sin é. Is duine aonarán é, beagnach. Ansin, tháinig an phaindéim. Anois, faighim glaoch uaidh 'chuile sheachtain! Agus labhraíonn muid b'fhéidir deich nóiméad. Rud nach gcreidfainn bliain ó shin. Ar an mbealach céanna, faighim glaoch ó mo dhriofúr is óige 'chuile choicís nó mar sin. Roimh seo, bhíodh muid i dteagmhá

Is Beag Nár Thit Mé Isteach Sa gClóiséad Cótaí I nDiaidh Ciorcail Comhrá

Cruiníonn ciorcal comhrá tigh carad liom 'chuile choicís. An lá faoi dheireadh, agus mise ag goil isteach san arasán, bhain mé mo chuid bróga dhíom. (Is minic a dhéantar é sin anseo, go háirithe sa ngeimhreadh.) De bhrí sin, ar ndóigh , agus mise ag imeacht, caithfear na bróga a chur orm aríst, rud sách simplí de réir cosulachta. Ach d'éirigh an gníomh simplí sin deacair go sciobtha. Agus ag cur na bróga orm dhom, sheas mé ar chos amháin le bróg a chur ar an gcos eile. Déanaim é sin go minic, gan mórán fadhbanna, d'ainneoin ghalar Pharkinson atá orm. (Tharlaíonn fadhbanna cothroim go minic leis an ngalar sin.) Ach an oíche sin, baineadh de mo chothrom, agus níorbh é sin ach tús mo thrioblóide. Nuair a thuig mé go raibh ag titim, shín mé m'uillinn amach le tacaíocht a fháil on mballa. Ar an drochuair, níor bhuail m'uillinn ar an mballa. Buail sí ar dhoras an chlóséid cótaí...an doras fillteach a bhí ar an gclóiséad. Agus d'fhill sé. Níor thit mé go hio

Gaeilgeoirí Sa gCarrchlós

Cupla lá ó shin, tháinig mé amach as an YMCA i ndiaidh babhta traenála agus shiúil mé i dtreo mo chairr sa gcarrchlós. Mar is gnáth leis na carrchlóis mhóra, bhí na carranna páirceáilte srón ar shrón, mar sin, na boinéid beagnach ag bualadh faoina chéile. Shroic mé mo charr agus bhí mé sásta a fheiceáil gur imigh cheana féin an carr a bhí os mo chomhair. D’fhéadfainn dul go díreach ar aghaidh tríd an spás folamh a bhí fágtha romham. Chuaigh mé isteach sa gcarr agus thosaigh í. Ag an nóiméad sin, thiomáin bhean isteach sa spás. Maith go leor, athrú plean. Bhí mé ar tí dul ar gcúl as an spás nuair a thug mé faoi deara go raibh an bhean ag síneadh méire ar mo charr. Ní raibh mé cinnte céard a bhí ar a hintinn. Ar dtús, shíl mé go raibh imní uirthi go raibh ár gcuid carranna ró-chóngarach dá chéile. Ansin, chreid mé go raibh sí ag cur ceist orm: an raibh mé ag imeacht? Má bhí, ar ndóigh, bheadh sí in ann an spás maith a fháil. Go tobann, léim an bhean amach as a carr agus t