Seiceanna, Scríofa Ar Chuntas Cuimhne

Ag glanadh seilfeanna sa mbasement lá cheana, fuair muid bosca lán le seiceanna. B'fhéidir nach dtuigfidh na daoine óga an scéal seo, ach roinnt bliana ó shin, sheoladh na bainceanna na seiceanna a bhíodh íoctha amach ar ais dhuit, sa bpost. Mar sin, bhí bosca againn, agus go leor leor sean-seiceanna ó 1988, 1990, blianta ó shin.

Thosaigh mé na seiceanna a stialladh, ach, ar ndóigh, ní féidir liom iad a chur isteach sa meaisín gan feiceáil céard atá scriofa orthu, an duine nó comhlacht nó eagraíocht ar íoc muid as rud éicint.

Agus thosaigh sé turas trí mo chuimhne féin.

Mar shampla, bhí seiceanna go leor do "Arnold's Diner", bialann nach maireann. Ba an-mhaith lenár mbeirt iníonacha Arnold's, mar gheall ar gur rua é an bainisteoir, ruanna na cailíní chomh maith, agus an rud a deir an bainisteoir 'chuile uair a chonaic sé na cailíní, "Us red heads gotta stick together!"

Bhí seiceanna do na scoileanna rince, ballé ar dtús, rince Gaelach ina dhiaidh sin. Seiceanna le lón ar scoil, seiceanna do chairde atá imithe anois, seiceanna do chomhlachtaí nach maireann, nó a bhfuil ainmneacha nua orthu.

Leis an mbainceáil ar líne agus 'chuile shórt leictreonach, ní fhaighim na seiceanna ar ais anois. Is maith é, cinnte.

Ach gan pháipéar, gan chuimhne, b'fhéidir.

Comments