Gach Ceithre Bliana, Plá Lócaistí

Nuair a sílim ar lócaistí, smaoiním ar na scéalta a chuala mé fúthu nuair a bhí mé i mo bhuachaill. Is cuimhin liom, go háirithe, na seanscannáin ghreannmhara a chum cineál miotaseolaíochta ar na lócaistí. Mar shampla, i scannán amháin, tháinig plá ollmhór lócaistí ar fheirm agus d'ith siad 'chuile rud, beagnach -- na héadaí ar na príomhcharachtair ina measc, agus na feirmeoirí fágtha gan tada orthu ach na fo-éadaí! (Níos sine anois, ní thuigim cén fáth ar ith na lócaistí na héadaí amháin, gan greim ar bith a bhaint as na fo-éadaí, ach ag an am sin, níor rith an cheist liom.)

Ar ndóigh, ní bhíonn na lócaistí chomh dona sin 'chuile bhliain. Ach anois 's aríst, bailíonn na lócaistí ina scaotha, na milliúin de na feithidí a fholaíonns an ghrian agus a fháganns talamh lom in áit na mbarr.

Ní feirmeoir mise, ach tuigim an faitíos atá spreagtha ag na scaotha lócaistí, tuigim an léirscrios a fháganns siad ina ndiaidh. Go deimhin, anois díreach anseo sa SAM, tá muid i ngreim ag an speiceas is measa, is gránna, is bréine, is bearránaí, is neamhthrócairí, agus is plapái a fheicfear ariamh: 

Polaiteoirí!

Dháiríre, is mór an crá croí iad na polaiteoirí de ghnáth, cinnte. Gach ceithre bliana, áfach -- nuair atá toghchán uachtaránach i gceist -- bailíonn siad ina scaotha. Seachtain i ndiaidh seachtaine, mí i ndiaidh míosa, caitheann na feachtais 'chuile shórt cumarsáide. Mar na lócaistí, folaíonn na teachtaireachtaí polaitiúla na cláir raidió agus na cláir theilifíse. Líonann fógraí na n-iarrthóirí do bhosca poist le bréaga, ionsaithe, agus áibhéil . Bualaíonn an fón an lá uilig, daoine ag rá go bhfuil páirtí amháin foirfe, agus an páirtí eile go holc. Sna meáin -- nuachtáin, raidió, tv, meáin shóisialta -- níl ach aon ábhar á phlé,  an pholaitíocht.

Ag deireadh an scéil, níl tada fágtha ar d'intinn seachas do chuid fo-éadaí, mar a déarfá.

Nuair a thiocfas lá an toghcháin, beidh ceiliúradh ann gan dabht. Ceiliúradh ar son na saoirse agus an daonlathais? B'fhéidir.

Ceiliúradh mar gheall ar go bhfuil stop ar an aighneas agus an troid agus na polaiteorí ag béiceadh mar ainmhithe? Cinnte.

Bhuel, ní stop é ach sos, sin an méid. An lá i ndiaidh an toghcháin, tosóidh na polaiteoirí agus na páirtithe an t-airgead a bhailiú, an chéad fheachtas eile a ullmhú. Ní bheidh siad ina dtost le fada ...  agus is mór an trua é!

Comments