Gaeilgeoirí Sa gCarrchlós

Cupla lá ó shin, tháinig mé amach as an YMCA i ndiaidh babhta traenála agus shiúil mé i dtreo mo chairr sa gcarrchlós. Mar is gnáth leis na carrchlóis mhóra, bhí na carranna páirceáilte srón ar shrón, mar sin, na boinéid beagnach ag bualadh faoina chéile.

Shroic mé mo charr agus bhí mé sásta a fheiceáil gur imigh cheana féin an carr a bhí os mo chomhair. D’fhéadfainn dul go díreach ar aghaidh tríd an spás folamh a bhí fágtha romham.

Chuaigh mé isteach sa gcarr agus thosaigh í. Ag an nóiméad sin, thiomáin bhean isteach sa spás. Maith go leor, athrú plean. Bhí mé ar tí dul ar gcúl as an spás nuair a thug mé faoi deara go raibh an bhean ag síneadh méire ar mo charr. Ní raibh mé cinnte céard a bhí ar a hintinn.

Ar dtús, shíl mé go raibh imní uirthi go raibh ár gcuid carranna ró-chóngarach dá chéile. Ansin, chreid mé go raibh sí ag cur ceist orm: an raibh mé ag imeacht? Má bhí, ar ndóigh, bheadh sí in ann an spás maith a fháil.

Go tobann, léim an bhean amach as a carr agus tháinig g0 ta0bh tiománaí mo chairr féin. D’íseal mé an fhuinneog, agus sháigh sí a ceann isteach le labhairt liom.

“Gaeilgeoir?” a dúirt sí!

Tá an cosúlacht ar an scéal go bhfaca sí an uimhirphláta ar mo charr: “Gaeilge” scríofa air. As Dún na nGall an bhean, agus rinne muid comhrá as Gaeilge le cupla, trí nóiméad, an-deas ar fad.

Fíor “Popup Gaeltacht” é, nach ea?

Comments