Tuesday, August 12, 2014

Is Fearr an Ciúnas Ná an Tost

Oibrím in oifig atá i mo theach féin, féinfhostaithe mise, agus is breá liom é. Níl aon troid agam leis an trácht ar maidin. Le dul ag an oifig, siúlaim ó chistin, i ndiaidh mo bhricfeasta, suas an staighre agus isteach san oifig.

Sa samhradh, nuair nach mbíonn sé róthe nó rófhliuch, bíonn na fuinneoga oscailte. Anois díreach, ar an drochuair, tá mé ag éisteacht le sábh slabhrach, agus mo comharsa ag leagan crainn síos. Ní maith liom an fhuaim sin, ar ndóigh, agus anois 's aríst, bím ag tnúth leis an tost.

Ach i ndáiríre, is maith liom an ciúnas, is fearr liom é ná an tost. Is maith liom na fuaimeanna éadroma na comharsanachta -- daoine ag labhairt agus iad ag siúl ar an gcosán roimh ár dteach, daoine ag obair sna gáirdíní nó ag déanamh siúinéireachta, caoi a chur ar an díon, rudaí mar sin ... na héin ... an ghaoth ...

Is binn béal ina thost, ach is níos binne an chomharsanacht ina ciúnas.

No comments:

Post a Comment