Is Breá Liom an Nádúr ... ina Áit Féin

Bhí cruinniú an-fhada agam ar maidin (agus meánlae) lá amháin le gairid. Ina dhiaidh, stop mé ag páirc, ag Bush Lake, i mBloomington, Minnesota.

Blianta ó shin, bhínn ag obair gar don pháírc seo, ach ní raibh mé ann le blianta, blianta. Mar sin, rinne mé siúlóid ar an gcosán deas, timpeall an locha, agus crainn ag gach taobh de. Stop mé cupla uair le breathnú ar bhláthanna nó ar fhéileacáin nó ar rudaí deasa eile.

Leathuair níos déanaí, bhí mé i siopa grósaera. Stop duine den fhoireann an tsiopa, sín sí méara i mo threo, agus dúirt sí liom -- go calm, socair, caithfidh mé a rá -- "Tá damhán alla ar do léine."

Bhreanaigh mé síos, agus ag imeall mo radhairc, d'airigh mé gluaiseacht, ag smaoineamh gur damhán beag a bhí ar mo ghualainn. Scuab mé mo lámh thar an léine agus thit an damhán alla ar an urlár.

Bhuel, ní raibh damhánaín beag bídeach orm ach créatúr cupla orlach (5 cm) ar fad! Agus bhí sé ag marcaíocht ormsa le leathuair, ar a laghad, agus mise ag tiomáint go dtí an siopa grósaera.

Gan dabht, is bréa liom an nádúr. Ach bhí an iomarca náduír orm an lá sin.

Comments