Aonach Éireannach, Aonach Gael-Meiriceánach, Gan Bheith i mo Shaothín

Bhí feis mhór i St. Paul an tseachtain seo caite, an "tAonach Éireannach” bliaintiúil ar Harriet Island (féach ar http://www.irishfair.com). Chaith mé an deireadh seachtaine ag cuidiú leis an bpuball Ghaeltacht Minnesota.

Go hoifigiúil, is aonach cultúrach é. Ach cén cineál cultúir? Cultúr na hÉireann? B’fhéidir. Ach ag labhairt le mo chuid comhleacaithe, d'aontaigh muid go raibh an cultúr Gael-Meiriceánach i gceist.

Bíonn daoine ann an bhfuil spéis acu ar an litríocht nó ar an teanga, cinnte. Bíonn i bhfad níos mó daoine an bhfuil spéis acu ar an spórt, nó ag sórt ar bith ceoil, má bhíonn sé sách ard.

Caitheann daoine go leor éadaí uafásacha, glé-uaine, nó léinte le fógraí mímhúinte orthu, agus a ndóthain óil acu, ag labhairt ró-ard.

Bheadh sé éasca a bheith ina shaothín, ag baint bród as an obair leis an teanga, i gcompáraid leis an gcuid is mó den slua. Ach ní bheadh sé sin ceart.

D’fhoghlaim mé ó Denis Clarke, bunaitheoir Ghaeltacht Minnesota, blianta ó shin, nach mbíonn rud ar bith eile ag na daoine sin mar cheangal den chultúr dúchais. Agus is tús é, na héadaí agus na seamróga agus an chuid eile de. Tosaíonn daoine leo, agus anois is aríst, tagann siad ar rudaí níos doimhne, níos cultúrtha, níos déanaí.

Is maith an rud é, an teanga a bheas ag duine. Ach ní foinse bróid é. Is foinse buíochais é.

Níl na Gaeilgeoírí nios fearr ná na “party crowd” Gael-Meiriceánach. Tá siad níos ámharaí.

Comments