Tuesday, August 26, 2014

An Fáth Go nAontaím Leis an bhFéilire Ceilteach

Tús Mhí Lúnasa, agus airím na laethanta ag dul i ngiorracht. Níl a fhios agam an é an oiread ama go mbíonn solas againn, nó an uilinn gréine i rith an lae, ach airím an t-athrú, ó lá go lá, gan dabht ar bith.

Athrú eile i mo shaol: airím an t-athrú solais níos láidre anois agus, go háirithe, níos luaithe 'chuile bhliain. Tá mé i bhfad níos mothálaí faoin athrú seo, agus mise níos mó na séasca bliana d'aois, ná a bhí mé i m'óige.

Ar ndóigh, tagann mothúchán cineál dubhach orm leis an ngiorrú lae.

Ach ar an taobh eile, airím an t-earrach go luath i Mí Feabhra, leis an bhfuacht agus an sneachta ar an talamh, ach leis na laethanta ag fadú chomh maith.

Is malairt réasúnta é, creidim.

No comments:

Post a Comment