An Cheist Churtha Orm ... Dáiríre?

Lá breá amháin le gairid, bhí mé ag déanamh siúlóide timpeall locha i Minnesota. Tá cosán deas asfailt in aice leis an loch, agus tháinig mé ar speig neanta ag dul treasna an chosáin, an chéad cheann a chonaic mé i mbliana. (Deirtear go dtugann na dathanna ar an speig neanta réamhfaisnéis aimsire roimh an ngeimhreadh.)

Bhí mé ag iarraidh grianghraf a fháil le m'fhón. Mar sin, ar leataobh an chosáin, bhí mé craptha ar mo ghogaide, mo cheann cromtha, íseal, os cionn na speige neanta, nuair a chuir fear a bhí ag siúl tharam ceist orm. Cén cheist?

Arbh í an cheist: "Céard atá tú ag breathnú air?" Níorbh í.

Arbh í an cheist: "An féidir liom cuidiú a thabhairt dhuit?" Níorbh í.

An cheist a chuir sé orm: "An bhfuil taom croí ort?" B'in í.

Muise. Tuigim nach bhfuil mé óg, ach taom croí? Dáiríre?

Sheeesh!

Comments