Namhaid #1

Tá muid i mbun cogaidh.

Is dochloíte an namhaid atá againn. Níl tuirse air ariamh. Má chuireann muid stop le hionsaí amháin, seolann sé ionsaí eile, agus ceann eile ina dhiaidh, aríst agus aríst eile. Ní féidir linn ár n-aire a mhaolú ar feadh nóiméid, fiú. Is cuma cé chomh minic a stoptar é, tagann sé ar ais le fuinneamh agus le diongbháilteacht.

Is namhaid glic, seiftiúil é. Nuair atá constaic curtha ina bhealach, tagann sé ar bhealach eile an damáiste a dhéanamh. An doras dúnta, osclaíonn sé fuinneog. Tá an namhaid seo ag lorg de shíor aon laige, aon locht atá inár gcóras cosanta. Baineann sé lánúsáid as gach deis a ligeann muid roimhe, dá laghad atá sí.

Is é Namhaid #1 é tigh Kenny, go háirithe do mo bhean, agus í ina laoch a bhíonns ag troid ina aghaidh 'chuile lá le bia a chur ar fáil dá cairde cleiteacha.

Iora damanta!

Comments