Ag Imirt "Cops 'n' Robbers" Aríst

Nuair a bhí mé i mo bhuachaill, i mbaile beag i bPennsylvania, bhí gunnaí ag 'chuile leaid i mo chomharsanacht. Gunnaí bréaga i gceist, ár ndóigh. (Caithfidh mé a rá, afach, faoin am a bhí muid inár ndéagóirí, bhí raidhfil nó gránghunna ag an gcuid is mó againn. Théadh go leor leor daoine ag seilg sa gceantar seo 'ainne.)

Bhaineadh muid úsáid as na gunnaí bréaga i gcluifí ina ligeadh muid orainn go mbíodh muid ag troid, 'sea, ag marú a chéile! Agus ba é an cluife is coitianta inár measc ná "Cops 'n' Robbers". Ghlacadh beirt nó triúr páirt na gardaí, agus na leaids eile páirt na robálaithe. Ag deireadh 'chuile chluife, bhíodh cathach gunna mór idir an dá fhoireann.

Tharlaíodh na troideanna taobh amuigh, go hiondúil. Agus na leaids ag caitheamh piléir lenár dtreo go trom -- níl a fhios 'am cén fáth, ach ní athlódáladh muid ariamh, agus ní bhíodh easpa piléir againn ina ainneoin sin -- théadh muid ar foscadh, ag rith ó chrann go cúinne tí, nó faoi bhord picnice. Agus ansin, bhíodh argóint idir an dá fhoireann: an raibh duine buailte ag piléar nuair a bhí sé ag rith ó fhoscadh go foscadh?

Bhaineadh thart ar 90% de na hargóintí sin le mo sheanchara Dave Theodore, nach maireann. Agus é ag rith ó chrann go crann, shíneadh sé a lámh amach roimh a aghaidh. "Dave! Stop! Mharaigh mé thú!" "Níor mharaigh! Bhí mo lámh thuas!" Chreid Dave go raibh an lámh in ann piléar a stopadh.

Is an-fhada ó shíl mé ar an am sin agus ar na cluifí sin. Chuir an phaindéim iad i mo chloigeann. Nuair a ghlacadh muid páirt na robálaithe, is minic a cheanglaíodh muid ciarsúir dhearga ("bandanna") ar ár n-aghaidheanna, a bheith faoi bhréagriocht.

Séasca bliain i ndiaidh na cluifí "Cops 'n' Robbers", tá mé ag caitheamh mo bhandanna aríst. Ach is mór an trua nach féidir linn lámh a shíneadh amach, mar a dhéanadh mo chara óg, le stop a chur ar an gcoróinvireas mar a stop Dave na piléir shamhailteacha blianta, blianta ó shin.

Comments