An Fáth Go nAontaím Leis an bhFéilire Ceilteach
Tús Mhí Lúnasa, agus airím na laethanta ag dul i ngiorracht. Níl a fhios agam an é an oiread ama go mbíonn solas againn, nó an uilinn gréine i rith an lae, ach airím an t-athrú, ó lá go lá, gan dabht ar bith. Athrú eile i mo shaol: airím an t-athrú solais níos láidre anois agus, go háirithe, níos luaithe 'chuile bhliain. Tá mé i bhfad níos mothálaí faoin athrú seo, agus mise níos mó na séasca bliana d'aois, ná a bhí mé i m'óige. Ar ndóigh, tagann mothúchán cineál dubhach orm leis an ngiorrú lae. Ach ar an taobh eile, airím an t-earrach go luath i Mí Feabhra, leis an bhfuacht agus an sneachta ar an talamh, ach leis na laethanta ag fadú chomh maith. Is malairt réasúnta é, creidim.